
Ag ól i dteach tábhairne gnóthach san Iodáil nó ag luí bolg le gréin sa Spáinn, is minic a úsáideann muid cúpla focal Gaeilge chun rud rúnda a rá eadrainn féin.
Ach san Astráil anois, tá ról nua ag an teanga. Ní teanga rúnda amháin í níos mó, ach is bealach í don diaspóra chun cairdeas a chruthú, pobal a thógáil agus athcheangal leis an mbaile agus iad ar an taobh eile den domhan.
Sydney, an Astráil
Tá breis agus 100,000 Éireannach ina gcónaí san Astráil anois, an líon is airde riamh de réir figiúirí ó 2024. I gcathracha móra ar nós Sydney agus Melbourne, tá pobal bríomhar Éireannach le fáil, le clubanna CLG, seisiúin cheoil agus líonraí sóisialta ag cothú nasc leis an mbaile.
Ach le roinnt blianta anuas, tá feiniméan eile ag teacht chun cinn ina measc chomh maith: daoine óga Éireannacha ag filleadh ar an nGaeilge agus iad na mílte míle ón mbaile.
De réir dhaonáireamh na hAstráile in 2021, labhraíonn 94.8% de na hÉireannaigh san Astráil Béarla sa bhaile, agus níl ach 1.6% acu ag úsáid na Gaeilge go rialta. Tugann sé sin le fios nach bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil ag formhór an diaspóra.
Ach b’fhéidir gurb é sin féin atá ag tarraingt daoine ar ais chuici. Nuair nach riachtanas í, bíonn sí ina rogha agus ina siombail féiniúlachta.
Ar fud na hAstráile anois tá méadú tagtha ar ranganna Gaeilge, ar chiorcail chomhrá agus ar ghrúpaí sóisialta d’fhoghlaimeoirí agus cainteoirí dúchasacha araon. Daoine nach raibh suim ar leith acu sa teanga sa bhaile atá anois ag iarraidh í a fhoghlaim nó cúpla focal a chleachtadh.
Ciorcal Comhrá in Syndey
Ní haon iontas é sin, áfach. Léiríonn taighde ar imirce agus ar fhéiniúlacht gur mó ná modh cumarsáide í teanga do phobail thar lear. Is bealach í chun muintearas a chruthú, chun bunús cultúrtha a choinneáil beo agus chun greim a choinneáil ar an mbaile nuair atá an baile i bhfad uainn.
Ar an gcaoi sin, is féidir leis an nGaeilge feidhmiú mar chineál droichid idir Éire agus an Astráil.
Mothaíonn neart Gael san Astráil an nasc sin go soiléir ina saol féin. D’fhág Eamon Corcoran, múinteoir Gaeilge agus cruthaitheoir ábhair ar líne, Éire cúig bliana ó shin agus é ar intinn aige an teanga a mhúineadh agus é ag taisteal ar fud an domhain. Tar éis tréimhsí san Ísiltír, sa Spáinn agus san Áise, chaith sé seal suntasach san Astráil, áit ar bhuail sé le líon mór Éireannach agus é ag spreagadh comhráite Gaeilge eatarthu.
We need your consent to load this Social Media content. We use a number of different Social Media outlets to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity.
Please review your details and accept them to load the content
“Labhair mé níos mó Gaeilge san Astráil ná mar a labhair mé agus mé i mo mhúinteoir Gaeilge i gContae Luimnigh,” a mhínigh Éamon le Seachtain.
Dar leis, ba mhór an t-iontas dó an spéis a bhí ag daoine sa teanga.
“Tá grúpa ann a thagann le chéile gach Satharn ag Óstán Coogee Bay, agus bíonn thart ar 50 duine ann. Foghlaimeoirí atá ann den chuid is mó, daoine atá ag dul ar ais chun an Ghaeilge a athfhoghlaim agus ag baint úsáid as pé Gaeilge atá acu.”
An Ciorcal Comhrá in Sydney
Ní Éireannaigh amháin atá páirteach ann ach oiread.
“Bhí roinnt Astrálach ina measc. Chuir sé gliondar ar mo chroí a fheiceáil go raibh daoine thall san Astráil, nach Éireannaigh iad, breá sásta an Ghaeilge a fhoghlaim.”
Le breis agus 20,000 leantóir ar na meáin shóisialta, tá Eamon ag roinnt físeán dá chuid comhráite, idir chruinnithe randamacha ar na sráideanna agus chuimhneacháin níos pearsanta ina labhraíonn daoine faoin gcaidreamh atá acu leis an teanga. Léiríonn na físeáin sin nach ábhar scoile í an Ghaeilge sa chomhthéacs seo. Ina áit sin, is rud beo, sóisialta í a thagann chun cinn idir strainséirí.
“An aidhm atá agam leis na meáin shóisialta ná gur mhaith liom go dtuigfeadh daoine gur féidir leo ár dteanga dhúchais a úsáid agus a chleachtadh, agus spraoi a bheith acu léi,” a dúirt sé. “Is linne ar fad an teanga.”
Ceann de na gnéithe is spéisiúla den scéal ná an t-athrú meoin a tharlaíonn i measc daoine óga. Go minic, is iad na daoine céanna nár thug mórán airde ar an nGaeilge sa bhaile a bhíonn anois ag iarraidh í a úsáid, fiú mura bhfuil siad líofa inti.
“Bhuail mé le daoine nár thaitin an Ghaeilge leo agus iad ar scoil,” a dúirt Eamon. “An sprioc ba mhó a bhí agam ná a léiriú dóibh nach ábhar scoile í an Ghaeilge. Is teanga bheo í an Ghaeilge.”
Eamon Corcoran i mbun comhrá i bpáirc in Sydney
Tá an taithí chéanna ag Evan Ó Dúnaigh, atá ina chónaí san Astráil le dhá bhliain go leith. Thosaigh sé ag cruthú ábhair ar líne chun físeáin a roinnt agus é ag taisteal, chomh maith le ciorcal cleachtaidh d’fhoghlaimeoirí a bhunú, agus de réir a chéile tháinig pobal timpeall air.
Dar leis, tá neart deiseanna ann Gaeilge a úsáid, go háirithe in Sydney. Luaigh sé na ciorcail chomhrá in Coogee gach deireadh seachtaine. Ach is léir gur mó ná ranganna teanga amháin atá i gceist.
“Is bealach den scoth é bualadh le daoine freisin, agus táim féin tar éis bualadh le mo dhlúthchairde anseo tríd an gciorcal comhrá,” a dúirt sé. “Thit mé i ngrá le Sydney nuair a thit mé isteach leis an dream sin.”
Nuair a bhaintear an teanga dá comhthéacs laethúil, nuair nach bhfuil sí le cloisteáil ar scoil ná mar chuid den ghnáthshaol, athraíonn a feidhm. Ní bhaineann sí le scrúduithe ná le dualgas a thuilleadh. Ina áit sin, éiríonn sí ina siombail de chultúr, de mhuintir agus den bhaile.
“Faigheann muid daoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu ach tagann siad le cóipleabhar agus suímid leo,” a dúirt sé. “Feicimid daoine freisin ó thuaisceart na hÉireann nach raibh an deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil, ach tá siad ag léiriú suime inti anois agus iad san Astráil.”
Evan Ó Dúnaigh
Is minic a neartaíonn an t-achar ón mbaile an ceangal sin. “Mothaíonn daoine níos ceangailte leis an mbaile nuair nach bhfuil siad ann,” a dúirt Evan.
“Tá muid níos Éireannaí nuair atá muid thar lear. Ní thuigim é, ach ní féidir é a shéanadh.”
Bhí an nasc sin le feiceáil ag Eamon chomh maith. “I mo thuairimse, is ceangal í an Ghaeilge. Is ceangal í lena sinsir, lena gcultúr féin agus thar aon ní eile, is ceangal í lenár dtír féin. Úsáidtear an Ghaeilge mar cheangal leis an mbaile.”
Tá an cultúr Éireannach níos leithne lárnach sa scéal chomh maith.
Luaigh an bheirt fhear an ceol traidisiúnta, na seisiúin agus an pobal a thagann leo. “Ní féidir an ceol agus an teanga a scaradh óna chéile,” a dúirt Eamon.
Eamon Corcoran ag lorg comhrá Gaeilge in Sydney an hAstráile
Agus d’Evan, bhí an nasc sin níos soiléire fós.
“Ní bhím ag mórán seisiúin cheoil sa bhaile, ach anseo, bím ag seinm trí nó ceithre oíche in aghaidh na seachtaine leis na leaids ó Sydney Sessions.”
Agus líon na nÉireannach san Astráil níos airde ná riamh, ní cosúil gur borradh sealadach atá anseo. Tá glúin nua den diaspóra ag aimsiú bealaí nua chun ceangal leis an mbaile, agus tá an Ghaeilge i gcroílár an scéil sin.
Ní in Éirinn amháin atá cuid den scéal athbheochana seo á scríobh anois, ach ar an taobh eile den domhan chomh maith.





